Reachtálfar an chomhdháil in Óstán agus Ionad Comhdhála & Fóillíochta Ghort na Mainistreach, i mBealach an Doirín, Co. Ros Comáin. Tugtar ‘The Abbey’ ar an óstán nua-thógtha seo go háitiúil, óstán a tógadh ar thailte aibí, áit a raibh pálás an Easpaig uair amháin. Tá sé suite i bhfoisceacht dhá nóiméad siúil ó lár bhaile Bhealach an Doirín ar bhóthar Shligigh.
San óstán ceithre réalta seo, tá seachtó seomra codalta agus só-sheomra ar fáil, chomh maith leis an ‘Gray suite’, nach bhfuil a shárú ann, agus áiseanna úrscothacha comhdhála, an bhialann inspiorádaithe Oscars, beár fáiltiúil De hÍde, áiseanna d’ardchaighdéan fóillíochta agus Ionad Folláine.
Tuilleadh eolais: http://www.abbeyfieldhotel.ie/
|
|
 |