:: contact the douglas hyde confrence :::: book now ::
:: go to roscommonarts.com ::
 
programme 09
clar 09
 
:: view how to get to us ::
:: booking form ::
archive
 
press
 
 
:: réamhrá
 
Curtha i láthair ag Comhairle Contae Ros Comáin i gcomhar le Coimisiún Forbartha an Iarthair:
 
COMHDHÁIL AN CHRAOIBHÍN 2009
An Cultúr agus an Geilleagar
An Chruthaitheacht agus an Nuálaíocht in Éirinn an iar-bhorrtha
 

Cé go bhfuil an chruthaitheacht níos feicealaí in earnáil na n-ealaíon, is tréith riachtanach í in aon réimse ina bhfuil réitigh nua á bhforbairt. Is ionann an taobhsmaointeoireacht, iléirimí agus scileanna réitigh fadhbanna atá larnach sna healaíona agus sna tionscail chruthaitheacha agus a n-úsáidtear sa teicneolaíocht, san oideachas, nó sa tionsclaíocht - is í an chruthaitheacht a chabhraíonn linn an chéad chéim eile a ghlacadh.
Ní hamháin go bhfuil se tábhachtach go mbeadh meas againn i gcónaí ar an earnáil chruthaitheach, ach, b’fhéidir, faoi láthair, go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaimis iniúchadh ar an earnáil chruthaitheach agus staidéar a dhéanamh ar an leas cultúrtha, cruthaitheach agus nuálách is féidir leis an earnáil a chur ar fáil dár sochaí agus dár ngeilleagar.
Tugann Chomhdháil de hÍde smaointeoirí, lucht léinn, ealaíontóiri agus cinnirí polaitiúla le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar achmhainn an gheilleagair chruthaithigh.

Beidh an Craoltóir Cathal Mac Coille ina chaothaoirleach ar an gclár thíos-
Martin Cullen TD An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
Mícheál Ó Súilleabháin Cathaoirleach, Cultúr Éireann agus Stiúrthóir Dhámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil
Finbarr Bradley Co-údar Capitalising on Culture, Competing on Difference: Innovation, Learning and Sense of Place in a Globalising Ireland
Roger O'Keeffe Ard-Stiúrthóireacht Oideachais agus Cultúir Choimisiún na hEorpa agus co-ordaitheoir Bhliain Eorpach na Cruthaitheachta agus Nuálaíochta 2009
John Concannon Stiúrthóir na Forbartha Réigiúnda, Fáilte Ireland
Frank Dawson Stiúrthóir Institiúid Scannán na hÉireann
Una McCarthy Ceannasaí Féilte, na nEalaíon Sráide agus Seóanna, An Chomhairle Ealaíon
Sarah Glennie Stiúrthóir Institiúid Scannán na hÉireann
Lisa McAllister POF, Coimisiún Forbartha an Iarthair
Stuart McLaughlin POF, Business2arts
Martina Earley POF, Comhlacht Forbartha Comhtháite Ros Comáin
Garry Hynes Stiúrthóir, Compántas Druid
Michael John Gorman Stiúrthóir, An Gailearaí Eolaíochta
Alice Lyons File agus Ealaíontóir Físe
Niall Brady Seandálaí, Clár ‘Discovery’
Ina dteannta seo beidh roinnt de na ceoltóirí is clúití as Ros Comáin ag casadh John Wynneagus a chairde agus na ceoltóirí mór le rá Máirtin O’Connor, Cathal Hayden, Séamie O’Dowd & Jimmy Higgins.

Beidh taispeántais ag eagraíochtaí náisiúnta a bhfuil baint acu le téama na comhdhála sa spás in aice an halla éisteachta le linn an deireadh seachtaine, áit a mbeidh deis ag na toscairí labhairt le hionadaithe ó na heagraíochtaí sin.

Reachtálfar an chomhdháil in Óstán agus Ionad Comhdhála & Fóillíochta Ghort na Mainistreach, i mBealach an Doirín, Co. Ros Comáin. Tugtar ‘The Abbey’ ar an óstán nua-thógtha seo go háitiúil, óstán a tógadh ar thailte aibí, áit a raibh pálás an Easpaig uair amháin. Tá sé suite i bhfoisceacht dhá nóiméad siúil ó lár bhaile Bhealach an Doirín ar bhóthar Shligigh.

San óstán ceithre réalta seo, tá seachtó seomra codalta agus só-sheomra ar fáil, chomh maith leis an ‘Gray suite’, nach bhfuil a shárú ann, agus áiseanna úrscothacha comhdhála, an bhialann inspiorádaithe Oscars, beár fáiltiúil De hÍde, áiseanna d’ardchaighdéan fóillíochta agus Ionad Folláine.

Tuilleadh eolais: http://www.abbeyfieldhotel.ie/


 

Tuilleadh Eolais:
Philip Delamere, t ::
090 66 37285, r :: artsoffice@roscommoncoco.ie