:: contact the douglas hyde confrence :::: book now ::
:: go to roscommonarts.com ::
 
 
:: view how to get to us ::
:: booking form ::
archive
 
 
COMHDHÁIL AN CHRAOIBHÍN 2008
 
Amú in Aistriúchán
 


I rith na comhdhála seo, an t-aonú Comhdháil an Chraoibhín is fiche, fiosraíonn muid téama an aistriúcháin trí chlár plé-phainéil, léamha agus cur i láthair éagsúla. Sáraíonn an chomhdháil díospóireachtaí comhaimseartha agus iniúchann sí nádúr na teanga mar léiriú leithleach den chultúr agus den bhféiniúlacht.


  Is gnó riachtanach, do-dhéanta agus thar a bheith pléisúrtha é an aistritheoireacht.  
 

Chuir an file Meiriceánach Robert Frost fainic ar gach duine a aistríonn filíocht ó theanga amháin go teanga eile nuair a dúirt sé: "Poetry is what gets lost in translation." Ach ní h-ionann sin agus a rá nach féidir agus nach fiú filíocht, agus saothar cruthaíoch den uile chineál, a aistriú.

 
 

Bhí Dubhglas de h-Íde ar dhuine de cheannródaithe an aistriúcháin in Éirinn. Thug na h-aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla a rinne sé ar scéalta i Beside the Fire (1890) agus ar amhráin in Amhráin Gra Chúige Chonnachta/Love Songs of Connacht (1893) léargas spreagúil don phobal ar oidhreacht agus ar shaibhreas na teanga.

 
 

Creidim mar sin gur comóradh thar a bheith oiriúnach ar shaothar an Chraoibhín tionól an deireadh seachtaine seo i mBealach an Doirín. Labhrann nó tuigeann go leor daoine níos mó ná teanga amháin. Is dlúthchuid dá saol é an t-aistriúchán. Tá súil agam go mbainfimíd go léir sult, sásamh agus tairbhe as an gcomhdháil seo.

 
 
Cathal Mac Coille, Stiúrthóir
 

I rith an deireadh seachtaine beidh seastáin taispeántais in aice an phríomh-halla, áit a mbeidh deis ag toscairí labhairt le hionadaithe ó eagraíochtaí náisiúnta a bheidh i bhfeighil na seastán - eagraíochtaí a bhíonn ag feidhmiú sna réimsí seo a leanas: an Ghaeilge, na hEalaíona, Cúrsaí Oidhreachta agus Litríochta.

I mbliana reáchtálfar an chomhdháil in Óstán nua-tógtha, Ionad Óstáin, Comhdhála agus Fóillíochta Gort na Mainistreach, Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin. Tá an t-óstán seo tógtha ar thailte aibí, áit a raibh pálás an Easpaig loinnithe ar a ghlaoití ‘an Mhainistir’. Tá sé suite i bhfoisceacht dhá nóiméad siúl ó lárbhaile Bealach an Doirín ar bhóthar Shligigh.

Tá an t-óstán nua-thógtha soiphisticiúil seo tógtha go caighdeán ceithre réalta, tá seachtó só-sheomraí ann, ceann acu nach bhfuil sárú air, an Gray suite, comh maith le seo tá áiseanna úrscothach comhdhála, an bhialann inspiorádaithe Oscars, beár fháiltiúil De hÍde, áiseanna d’ardchaighdéan fóillíochta agus Ionad Folláine.

Tuilleadh eolais: http://www.abbeyfieldhotel.ie/

 
 

 

Tuilleadh Eolais
Dónall Mac Aodha, teil ::
090 66 37259, r-phost :: dmacaodha@roscommoncoco.ie
Philip Delamere, teil ::
090 66 37285, r-phost :: artsoffice@roscommoncoco.ie