Ní cheiliúradh ar an am atá caite é ceiliúradh ar Dhubhghlas de hÍde. Níl aon mhaitheas le bheith ag féachaint siar ar an méid atá ráite agus bainte amach ag daoine má bhaineann a gcuid smaointe agus tuairimí leis an seanam amháin. Sean-nuacht iad ráitéis an lae inné más mar sin a mbreathnaímid orthu. É sin ráite shíolraigh gach gné de shaol an lae inniu ón am atá thart. Murach de hÍde agus na daoine a fuair ionspráid uaidh ní bheadh ann do stát na hÉireann. Ceiliúraimid é, ní de bharr an duine a bhí ann, ach de bharr a bhfuil ann.
Is eiseamláir é dúinn go léir. Fear smaointe agus idéalachais é: fear ciúin, scoláire, scríbhneoir, ollamh, file, uachtarán na ndaoine go léir. Ní raibh an fhís a bhí aige den tír seo bunaithe ar gheilleagair amháin, níor bhreathnaigh sé ar Éirinn mar ‘oileán’ amháin, mar a dhéantar sa lá atá inniu ann. Níl cúis ar bith ann le bheith dílis don ‘oileán’ seo thar fhód ar bith eile. Tá a nath iomráiteach a thug faoin ‘lá atá inniu a fheiceáil mar shíneadh leanúnach loighiciúil den am atá thart’ ar cheann de na ráitis is radacaí a cumadh sa nua- aois. É chomh tráthúil anois is a bhí riamh.
Tugann comhdháil na bliana seo faoi ról na n-ealaíon agus smaointe liobrálacha i gcruthú agus i gcothú na hÉireann nua-aimseartha a iniúchadh chomh maith leis an gcomhfhreagracht atá orainn i gcothú an róil sin . I measc imeachtaí na comhdhála beidh cainteanna, léachtaí agus léamha a cheiliúrann oidhreacht de hÍde agus a threisíonn an fhís aige i gcomhthéacs nua-aimseartha. Leanann sé leis an díospóireacht a thosaigh sé féin, díospóireacht atá lárnach i ngach gné de shaol agus de chultúr na hÉireann. |
Bunaíodh Comhdháil an Chraoibhín sa bhliain 1988 chun saol agus éachtaí an Dr Dubhghlas de hÍde, céad-uachtarán na hÉireann agus an duine is mó cáil de bhunadh an chontae, a cheiliúradh. Díreoidh an chomhdháil ar an tuiscint a bhí ag de hÍde ar an nGaeilge mar theanga bheo, á cur in iúl tríd an litríocht agus tríd an mbéaloideas, agus dírímid ar chur chun cinn chleachtadh na teanga agus meas a chothú ar an teanga chomhaimseartha i gcomhthéacs níos leithne, le litríocht, ceol, oidhreacht agus féiniúlacht chultúrtha san áireamh.
Sa lá atá inniu ann is leis an tuiscint go gcuidíonn cultúr saibhir beomhar le gach gné den tsochaí go heacnaimiúil, go sóisialta agus go cultúrtha a thiteann an dulagas seo ar an rialtas, ar eagraíochtaí oideachais, ar an gComhairle Ealaíon, agus ar na hÚdaráis Áitiúla. Déanfaidh an chomhdháil iniúchadh ar an gcomhfhreagracht a bhaineann le cur chun cinn agus forbairt na teanga agus fiosraíonn sé an chaoi a gcuireann litríocht chruthaíoch le beatha is sláinte mionteanga.
I rith an deireadh seachtaine beidh seastáin taispeántais in aice an phríomh-halla, áit a mbeidh deis ag toscairí labhairt le hionadaithe ó eagraíochtaí náisiúnta a bheidh i bhfeighil na seastán - eagraíochtaí a bhíonn ag feidhmiú sna réimsí seo a leanas: an Ghaeilge, na hEalaíona, Cúrsaí Oidhreachta agus Litríochta . |