:: contact the douglas hyde confrence :::: book now ::
:: go to roscommonarts.com ::
 
 
 
 
 
 
     
COMHDHÁIL AN CHRAOIBHÍN 2006
 
     
AN ILIOMAD SRUTHÁN, ABHAINN MHÓR AMHÁIN.    
     

Fearaimid fáilte roimh shnáitheanna na gcultúr nua atá á bhfí le cultúr na hÉireann. Agus muid ar ár ndícheall an comhshnaidhmeadh seo a éascú, ní mór dúinn bealaí a aimsiú chun na snáitheanna cultúir atá ann cheana féin a chruinniú le chéile.

Sa Chomhdháil seo, tá ailtirí, filí Béarla agus Gaeilge, ceoltóirí traidisiúnta, seandálaithe agus béaloideasóirí ag teacht le chéile chun go labhróidís lena chéile agus linne óna gcultúir féin. Breathnóimid ár bhfreagracht choiteann i leith na timpeallachta nádúrtha, na timpeallachta tógtha agus na timpeallachta cultúrtha, agus fáilteoimid rompu siúd atá i bhfeighil na timpeallachta sin.

I mbliana is í an tSionainn lármheafar na Comhdhála, abhainn mhaorga a shíneann ó cheann ceann na tíre mar a bheadh cnámh droma, abhainn a bhí ann ó thús agus a bheidh ann i bhfad inár ndiaidh, abhainn a bhfuil lámh againne sa todhchaí ina mairfidh sí. Sníonn an iliomad aibhneacha chun na Sionainne, gach ceann lena foinse in áit ar leith, i gcultúr ar leith. Ar an gcaoi sin, triomaíonn an tSionainn gach cearn den tír, fiú agus í ag cothú gach cearna.

   
   
   

Tuilleadh Eolais
Dónall Mac Aodha, teil ::
090 66 37259, r-phost :: dmacaodha@roscommoncoco.ie
Philip Delamere, teil ::
090 66 37285, r-phost :: artsoffice@roscommoncoco.ie