:: contact the douglas hyde confrence :::: book now ::
:: go to roscommonarts.com ::
 
programme 09
clar 09
 
:: view how to get to us ::
:: booking form ::
archive
 
press
 
 
:: beathaisnéisí
 
Finbarr Bradley Niall Brady,
John Concannon Martin Cullen TD
Frank Dawson Martina Earley
Sarah Glennie Michael John Gorman
Garry Hynes Alice Lyons
Cathal MacCoille Lisa McAllister
Una McCarty Stuart McLaughlin
Mairtin O’Connor, Cathal Hayden & Seamie O’Dowd Roger O'Keeffe

Mícheál Ó Súilleabháin

John Wynne & friends
:: Finbarr Bradley

Tá Finbarr ina bhainisteoir ar phobail nuálaíochta i gcuideachtaí éagsúla Éireannacha agus idirnáisiúnta. Is iar-ollamh airgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é, áit ar fhorbair sé céim nuálach trí mhéan na Gaeilge in Airgeadas agus Ríomhaireacht a réachtailtear san ionad Fiontar. Bhí sé ina chathaoirleach ar Zamano, gnó tosaithe telecom a bhunaigh iarmhic léinn de chuid Fiontar agus atá liostáithe anois ar na scarmhalartáin i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina ollamh i Roinn na hEacnamaíochta in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus ina ollamh ar cuairt le Scoil Smurfit de chuid Ollscoil na hÉireann, BÁC. Mhúin sé freisin in Ollscoil Michigan agus Ollscoil Fordham sna Stáit Aontaithe agus i Scoil Eacnamaíochta Helsinki, An Fhionlainn. Díríonn an leabhar Capitalising on Culture ar a bhfuil sé ina chomhúdar air ar an nuálaíocht, ar an bhfoghlaim agus ar an omós áite i gcomhtéacs dhomhandú na hÉireann. Foilseoidh sé cnuasach aistí go luath faoi gheilleagar na hÉireann ó Scoil Samhraidh MacGill 2009 ar a ndearna sé comheagarthóireacht le Joe Mulholland. Bhain sé céim san innealtóireacht leictreach amach i gColáiste na hOllscoilem Corcaigh, MBA ó Ollscoil Syracuse, Nua-Eabhrac agus PhD ó Scoil Gnó Stern, New York University (NYU).

 
::top::
:: Niall Brady

Tá céimeanna ag an Dr Niall Brady ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (BA 1983, MA 1986) agus ó Ollscoil Cornell (PhD 1996). Déanann sé taighde ar an saothrú arúil i dtréimhse na meánaoiseanna agus ar an tseandálaíocht mhuirí. Bhain Niall scoláireachtaí chun staidéar a dhéanamh san Etnologiska Institutionen, Åbo Akademi, san Fhionlainn agus ag Merton College, Oxford (1994), agus chaith sé seal ina Ollamh Cúnta ar Cuairt i Trinity College, Hartford, Connecticut (1996-97), mar ar ceapadh ina léachtóir i Roinn na Staire é. Ó d’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1997, tá dlúthbhaint ag Niall leis an tseandálaíocht san earnáil phríobháideach agus sa bhliain 2000 bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar an Archaeological Diving Company Ltd, an comhlacht comhairleoireachta seandálaíochta faoi uisce is mó le rá in Éirinn. Sa bhliain 2002 chuaigh Niall isteach sa Discovery Programme. Bíonn sé ag léachtóireacht i gcéin is i gcóngar. Bhí Niall ina chomhalta comhairle den Society for Medieval Archaeology (2005–2008) agus de ghrúpa oibre Acadamh Ríoga na hÉireann ar na daonnachtaí agus na heolaíochtaí sóisialta (2005–6).

 
::top::
:: John Concannon

Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é John Concannon agus bhain sé MA amach i Staidéar Gnó, bunchéim Trachtála agus Ard-Dioplóma iar-chéime sa Chleachtas Margaíochta. Ceapadh é mar POF ar Ireland West Tourism tar éis do rólanna éagsúla a bheith aige le Unilever PLC agus Dubarry of Ireland. Ceapadh John sa ról nua - Stiúrthóir na Forbartha Réigiúnda le Fáilte Ireland i Meitheamh 2006. Tá John ina comhalta ar ghach ceann de na boird nua Forbartha Réigiúnda Turasóireachta. Tá an Ardstiúthóireacht Réigiúnda freagrach as margaíocht na tíre in Éirinn féin chomh maith le hinfheistíocht Fáilte Ireland i seónna idirnáisiúnta trádála agus tomhaltóirí, caidrimh poiblí, agus turais ó na meáin agus lucht trádála idirnáisiúnta. Chomh maith leis seo d’fhoilsigh an Ardstiúrthóireacht plean straitéiseach forbartha le déanaí do gach ceann de réigiúin Fáilte Ireland.

 

 
::top::
:: Martin Cullen TD

Cheap an Taoiseach Brian Ó Coimhin an tUasal Máirtín Ó Cuilinn TD ina Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta ar an 7 Bealtaine 2008. Roimhe sin bhí sé ina Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ó Mheitheamh 2007 go Bealtaine 2008. Ó Mhéan Fómhair 2004 go Meitheamh 2007 bhí sé ina Aire Iompair agus bhunaigh sé Transport 21, clár forbartha iompair deich mbliana an rialtais arbh fhiú €34.4 billiúin é. Bhí sé ina Aire Comhshaol, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil idir Meitheamh 2002 agus Meán Fómhair 2004. Bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Airgeadais le dualgas ar leith air i leith Oifig na nOibreacha Poiblí idir 1997-2002. Toghadh Máirtín Ó Cuilinn TD ina theachta den chéad uair agus é ina bhall den Pháirtí Daonlathach in 1987. Cláraigh sé le Fianna Fáil le linn an 27ú Dáil. Chomh maith leis seo bhí sé ina Sheanadóir, ar ainmniúchán an Taoisigh, 1989-92, ina Urlabhraí Fiontair agus Fostaíochta 1993, ina Urlabhraí Tionscail agus Tráchtála 1988-1989, ina Urlabhraí Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide 1987-1988; Ball, Comhairle Cathrach Phort Láirge 1991-1997, Méara 1993-1994 (Bhí a athar agus a sheanathar ina méara ar Phort Láirge freisin).

 

 
::top::
:: Frank Dawson

Is as Clár Chlainne Mhuiris i gCo. Mhaigh Eo do Frank Dawson. Ceapadh é ina bhainisteoir ar Chomhairle Contae Ros Comáin in Eanáir 2009. Roimhe sin bhí sé ina stiúrthóir seirbhísi sa Rannóg Pobail agus Fiontair i gComhairle Contae na Gaillimhe áit a raibh freagracht air maidir le forbairt Pobail, Ealaíon, Turasóireachta, Cuimsiú Sóisíialta agus liaison AE. Tá máistreacht aige san Fhorbairt Tuaithe, taithí fhairsing i bhFiontraíocht, chaith sé tréimhse mar POF ar Bhord Fiontar Chontae Shligigh agus ina Stiúrthóir ar na Greasáin Náisiúnta Pobail agus Fiontair.

 
::top::
:: Mairtin O’Connor, Cathal Hayden, Seamie O’Dowd & Jimmy Higgins

Since about 2001, Mairtin O’Connor, Cathal Hayden and Seamie O’Dowd have been building a formidable musical relationship, gigging together frequently as well as collaborating in the studio. The catalyst for this was Mairtin when he invited Cathal and Seamie to play on his ground-breaking “Road West” album, alongside a gathering of Ireland’s finest musicians, and again later on his “Rain of Light” album, much of which went down live, such was the musical and personal rapport that had developed between them.

Mairtin was one of the main musical forces behind the now legendary “Riverdance” phenomenon, having previously, through his work with "De Dannan", "Midnight Well", "Skylark" and as a solo artist, quite simply gone where no Irish accordion player had gone before. Cathal Hayden achieved worldwide recognition as founder member of “Four Men and a Dog”. He is one of Ireland’s top fiddlers and his solo banjo performances are quite simply show stopping. Rooted deeply in the traditional music of Sligo, Seamie O’Dowd has played in many genres of acoustic and electric music. He toured the world for a number of years with Sligo trad legends, ”Dervish” and recently has played at home and abroad with Liam O’Flynn, Matt Molloy and Mary Mc Partlan.

 
::top::
:: Martina Earley

I mí na Nollag ceapadh Martina sa ról nua mar POF ar Chomhlacht Forbartha Comhtháite Ros Comáin, an comhlacht forbartha áitiúl nua i Ros Comáin atá freagrach as na cláir forbartha um chuimsiú soisíalta agus forbairt tuaithe a sheachadadh sa chontae. Ta dhá bhliain déag de thaithí ag Martina Earley sa réimse agus bhí sí ina bainisteoir ar chláir AE Leader agus NRD i Liatroim agus i dtuaisceart Ros Comáin sa tréimhse 2001-2008. Chomh maith leis seo bhí sí ina ceann agus ina bainisteoir ar rúnaíocht ghréasán LEADER na hÉireann, arb í an pointe teagmhála d’fhorbairt tuaithe ag léibhéal náisiúnta. Ghlac sí ceannaireacht agus bainistíocht ar roinnt mhaith tograí trasteorann, ina measc an togra ‘Source: Ag forbairt cruthaitheacht tuaithe’ a fuair maoiniú ó INTERREG. I measc a cuid cailíochtaí tá céim onóracha sa Ghnó agus Airgeadas.

 
::top::
:: Sarah Glennie

Tá Sarah Glennie ag obair san earnáil chultúrtha le ceithre bliana déag anuas agus tá taithí fhairsing aici ar a bheith ag riaradh agus ag obair i go leor institiúidí cultúrtha poiblí. Tháinig sí go hÉirinn i 1995 chun dul ag obair ag IMMA áit a raibh sí i mbun coiméadaíochta ar go leor tionscnamh – ina measc taispeántais aonaracha le Olafur Eliasson agus Shirin Neshat agus an mórthionscnamh ealaíne poiblí GHOST SHIP le Dorothy Cross. I 2001 d’aistrigh sí go dtí an Henry Moore Foundation Contemporary Projects áit a raibh sí i mbun coimeadaíochta ar thionscnaimh ar nós Paul McCarthy ag Tate Modern, agus Stopover ag Biennale na Véinéise 2003. Bhí sí ina comhchoiméadaí ar Romantic Detachment ag P.S.1/MoMA agus ar choimisiún mór scannán i 2005 le Tacita Dean mar chuid de Chathair Chorcaí ina Príomhchathair Chultúrtha 2005. Bhí sí ina Coimisinéir ar rannphairtíocht na hÉireann san 51ú Biennale na Veinéise agus ina Stiúrthóir Ealaíne ar Dhánlann Ealaíon agus Chnuasach Uí Nialláin ó 2005-2008, áit ar chuir sí tús le clár suntasach náisiúnta agus idirnáisiúnta; i measc a chuid buaicphoiní bhí ‘The Eternal Now: Warhol and the Factory’ agus i 2006 taispeántas agus taibhiú eisiach Patti Smith. I 2008 ceapadh í ina stiúrthóir ar Institiúid Scannán na hÉireann áit a bhfuil sí ag tabhairt faoi athfhorbairt suntasach.

 
::top::
:: Michael John Gorman

Is stiúrthóir bunaidh an Ghailearaí Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é Michael John Gorman, gailearaí a chúisíonn splancanna cruthaitheacha idir na healaíona agus an eolaíochta trí thaispeántais, féilte agus imeachtaí. Roimhe seo bhí sé ina Bhainisteoir Sinsearach ar Chláir do Dhaoine Óga le Discover Science and Engineering. Sa ról seo bhí sé go mór chun tosaigh i bhforbairt tograí ar nós NanoQuest, cluiche físe 3D a thugann léargas ar an nanoteicneolaíocht. Chaith se trí bliana ag obair ina Léachtóir Eolaíochta, Teicneolaíochta agus na Sochaí ag Ollscoil Stanford. Déanadh cur síos ar an gcúrsa a thug sé leis an matamaiticeoir agus fear draíochta Persi Diaconis mar ‘the coolest course on the campus’. Is údar é Michael ar leabhair éagsúla, ina measc Buckminster Fuller and Designing for Mobility (Rizzoli-Skira: 2005). Tá BA san Fhisic agus san Fhealsúnacht aige ó Ollscoil Oxford agus PhD sa Stair ón European University Institute i bhFlorence. Bronnadh comhaltachtaí iardhochtúireachta ar ó MIT agus Harvard. Cuireann sé spéis ar leith sa trasnaíl idir an eolaíocht, na healaíona agus an fhiontraíocht. Díríonn a leabhar is déanaí ar chomhrá le Lawrence Weschler, Pamela Smith agus daoine eile faoi phictiúr aisteach Pléimeannach, a léiríonn an t-idir-oibriú idir na healaíona agus an eolaíocht.

 
::top::
:: Garry Hynes

Bhunaigh Garry Hynes Druid i 1975 and bhí sí ina stiúrthóir ealaíne air ó 1975 go 1991, agus ó 1995 ar aghaidh. Bhí sí ina stiúrthóir ealaínear Amharclann na Mainistreach ó 1991 go 1994. I measc léiriúcháin an Druid tá: The Cripple of Inishmaan, Long Day’s Journey into Night; Leaves; Empress of India; The Year of the Hiker; Druid Synge; Sharon’s Grave, Sive, On Raftery’s Hill, The Beauty Queen of Leenane, The Leenane Trilogy; Lovers’ Meeting; Conversations on a Homecoming; Bailegangaire; The Shaugh-raun; The Wood of the Whispering.
I measc a léiriúcháin amharclainne eile tá: The Weir, Crestfall; Juno; Translations; Mr Peters’ Connections; Crimes of the Heart; My Brilliant Divorce; 16 Wounded; A Streetcar Named Desire; King of the Castle, The Plough and the Stars, The Power of Darkness, Famine, A Whistle in the Dark, Portia Coughlan.
Gradaim – Céimeanna Oinigh ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (2004), Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (1998) agus an Chomhairle Náisiúnta um nDámhachainní Oideachais (1998), Gradam Tony do stiúradh The Beauty Queen of Leenane (1998). Tá go leor gradam amharclainne eile bronnta uirthi ina measc The Irish Times/ESB Irish Theatre Award don stiúrthóir is fearr agus Gradam Speisialta in Ómós a bhfuil déanta aici do réimse amharclannaíochta na hÉireann (2005).

 

 
::top::
:: Alice Lyons

Alice Lyons, who was born in Paterson, New Jersey and has lived in County Roscommon since 1998, is a poet and visual artist. She has postgraduate degrees in Sociolinguistics from the University of Pennsylvania and Fine Art from Boston University.  Her poems have recently appeared in The Irish Review and Tygodnik Powszecheny (Kraków); as public art installations in Staircase Poems at The Dock in Carrick-on-Shannon and Viewfinder at The Barracks in Cootehall; and as films, the most recent of which, The Polish Language, won the award for Best Animation at the 2009 Galway Film Fleadh.  She is the recipient of the Patrick Kavanagh Award for Poetry and the Ireland Chair of Poetry Award. She is associate curator at The Dock in Carrick-on-Shannon, County Leitrim.
www.alicelyons.ie

 
::top::
:: Cathal Mac Coille

Is iriseoir agus craoltóir é Cathal Mac Coille. Is i mBaile Átha Cliath a rugadh é agus is i gColáiste Mhuire agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath a cuireadh oiliúint air. Sular bhain sé céim sa stair amach, chaith sé tréimhse ghearr shásúil ina eagarthóir ar Comhar. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin mar thaighdeoir in RTÉ agus mar thuairisceoir le seirbhís Nuachta Gaeilge an stáisiúin. Bhí sé ar fhoireann RTÉ i mBéal Feirste idir 1978 agus 1984. Tar éis dó seal a chaitheamh mar láithreoir le Morning Ireland, chuaigh sé i mbun oibre leis an Sunday Tribune i 1990 agus ceapadh mar eagarthóir cúnta ar an bpáipéar sin é i 1992. Ceapadh mar chomhfhreagraí polaitiúil TG4 é i 1996. D'fhill sé ar Morning Ireland i 2001 agus tá an clár sin á chur i láthair aige ó shin.

 
::top::
:: Lisa McAllister

Tá Lisa McAllister ina Príomhfheidhmeannach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair ó 2002 i leith. Is í aidhm an Choimisiúin ná forbairt eacnamaíochta agus sóisialta a chothú sna seacht gcontae san Iarthar ó Dhún na nGall go dtí an Clár. Tá baint aici le forbairt an Iarthair ó 1992 nuair a bhí an feachtais West Together ar siúl. Ceapadh í ina comhalta den chéad bhord den Choimisiún nuair a bunaíodh é i 1997. Is eagras stáit é an coimisiún a foráladh i 1999 san Acht WDC 1998. Bhíodh sí ag obair san earnáil príobháideach roimhe sin, chaith sí seal mar bhainisteoir ginéaralta ar an gcomhlucht mórdhíola crua-earraí i Sligeach, Herron and Son Ltd. D’oibrigh sí freisin san earnáil dheonach agus phobail mar a raibh sí go mór chun tosaigh i mbunú Chomhairle an Iarthair agus an Euro Info Centre (DGXXIII) atá lonnaithe ag Cumann Tráchtála agus Tionscail Shligigh. Is céimí eolaíochta í ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus tá máistreacht aici san Fhorbairt Tuaithe.

 
::top::
:: Una McCarthy

Una McCarthy, Ceannasaí Féilte, na nEalaíon Sráide agus Seóanna leis an gComhairle Ealaíon ó 2004. Corcaíoch, d’oibrigh sí i réimse na bainistíochta ealaíne in Éirinn agus i Sasana ó na hochtóidí ar aghaidh. D’oibrigh sí mar stiúrthóir ar an Dhánlann Ealaíon agus Chnuasach Uí Nialláin, Sligeach; Gailearaí Arnolfini, Bristol agus Ionad Ealaíon na Seaniarsmalainne i mBéal Feirste sular ghlac sé chuici féin an ról atá aici faoi láthair. Sa ról sin tá sí freagrach as 13 Féile ildisciplíneach agus ós cionn 180 féile eile a fhaigheann tacaíocht ó scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga, chomh maith le cúig eagraíocht i bPortfóilió na nEalaíon Sráide agus Seónna.

 

 
::top::
:: Stuart McLaughlin

Thosaigh Stuart ag obair le Business to Arts mar POF go luath in 2007;roimhe sin bhí rólanna gnó aige mar Stiúrthóir Forbartha Gnó le Accenture; Ceannasaí ar fhoinsiú allamuigh le CapGemini agus bainisteoir tráchtála le Fujitsu. Is ó bheith ag obair go deonach mar mheantóir le Business to Arts fad is a bhí sé ag obair le Accenture a tháinig sé ar thuiscint den chéad uair ar na féidireachtaí foghlama a bhí ann don lucht gnó da mbreathnóidís ar ealaíontóirí agus ar na scileanna atá acu. D’oibrigh sé le healaíontóirí nuair a bhí imeachtaí inmheánacha á n-éagrú aige le Accenture, rud a spreag é chun rólanna níos struchtúrtha a lorg sna Ealaíona. Ó shin déanadh earcú ar Stuart chun páirt a ghlacadh ar phainéil, ar mheithleacha smaointe agus ar thascfórsaí éagsúla, agus tá sé ag cur na teachtaireachta go mór chun tosaigh go bhfuil ról nádúrtha ag na healaíona sa díospóireacht faoin nuálaíocht agus an chruthaitheacht atá i mbéal an phobail faoi láthair. Chomh maith leis an obair seo chun páirtnéireacht idir na healaíona agus an gnó a chur chun cinn tugann Stuart léachtaí ar bhonn páirtaimseartha i gColaiste na Tríonóide (MSc Management of Information Systems), agus is comhúdar é ar roinnt cúrsaí ‘Oscail’, Ionad Oideachais Cianfhoghlama na hÉireann atá lonnaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is ball de Bhord Fishamble agus de Ghailearaí Lewis Glucksman i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh é.

 

 
::top::
:: Roger O'Keeffe

Is é Roger O’ Keeffe ceannasaí na rannóige de chuid Ard-Stiúrthóireacht Oideachais agus Cultúir Choimisiún na hEorpa atá freagrach as comhordnú agus cur i bhfeidhm Bhliain Eorpach na Cruthaitheachta agus na Nuálaíochta 2009. Tá sé ag obair i réimse an chomhoibrithe Eorpaigh i dtaobh oideachais agus traenála sa Choimisiún ó 1993, agus bhí sé ina bhall den fhoireann a d’eagraigh an Bhliain um Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil i 1996. Ina dhiaidh sin bhí freagracht air as teagmháil an choimisiúin le heagraíochtaí idirnáisiúnta sa réimse oideachais agus traenála. Roimhe sin bhí sé ag plé le polasaí réigiúnda agus cistí struchtúrtha, sa Choimisiún féin, áit a bhfuil sé ag obair ó bhí 1989 ann agus sa Roinn Airgeadais, áit a raibh sé ag plé le Cistí Struchtúracha na hEorpa ó thaobh na hÉireann de.

 

 
::top::
:: Prof. Mícheál Ó Súilleabháin

Tá Mícheál Ó Súilleabháin ina Chéad ollamh agus ina Bhunaitheoir/Stiúrthóir ar Dhámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil in Ollscoil Luimnigh. Tá cáil air as an stíl Ghaelach pianó a d’fhorbaigh sé agus tá taifead fairsing déanta aige le Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann. Tá iliomad saothar taifeadtha agus foilsithe aige, bronnadh Dochtúireacht Oinigh sa Cheol air óna alma mater féin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh i 2005 as an méid atá déanta aige ar son an cheoil in Éirinn le tríocha bliain anuas. Is é an DVD Irish Destiny: ceol don bhalbhscannán den teideal céanna a rinneadh i 1925, an taifead is déanaí a rinne sé. (Institiúid Scannán na hÉireann:Baile Átha Cliath 2006). Is é ‘Parallel Universes: Poetics, Politics, and the State of Play’: a keynote address to the conference Arts Research: The State of Play (Dublin 2008) an foilsiúchán is déanaí leis. I measc an tsaothair is déanai a chum sé tá Francesco Walks for Baroque band and Irish traditional fiddlers (Coimisiún de chuid na Féile Ar Ais Arís, Dún na nGall, 2008); agus UNSUNG (coimisiún de chuid Fhéile Ealaíon Cheatharlach don chompántas rince Rex Levitates). Faoi láthair tá sé ag cur críche lena albam aonarach pianó nua ar a dtugtar Elver Gleams.

 
::top::
:: John Wynne & Friends

Agus é sáite i dtraidisiún fliúite Thuaisceart Chonnacht níl aon amhras ach go bhfuil John Wynne ar dhuine de na seinnteoirí fliúite is mó le rá sa lá atá inniu ann. Agus é fós an-óg bhí an-rath ar John ag comórtais náisiúnta. Thaifid sé dhá albam leis an ngrúpa Providence, grúpa a raibh sé ina bhall de ar feadh tamaill. D’eisigh sé a chéad dlúthdhiosca aonair ‘With Every Breath’ a mheall na criticí go mór. I 2007 d’eisigh sé agus John Mc Evoy an t-albam mór le rá ”Pride of the West”, albam fliúite/fidle. I mbliana d’eisigh sé a dara taifead aonarach “Ar nos na gaoithe – like the wind”. Tá léirmheasanna an-dearfach faighte aige cheana féin ó The Irish Times agus an Irish music magazine. Is bunaitheoir d’Fhóram Ealaíon Traidisiúnta Ros Comáin é John agus léirigh sé ‘The flute players of Roscommon Volumes 1 and 2’ leo. Chomh maith leis seo tá baint ag John le heagrú féilte agus ceolchoirmeacha ar nós ‘Féile Frank McGann’ agus an tsraith ceolchoirmeacha “The Reel Thing” in Ionad Ealaíon Ros Comáin.