:: contact the douglas hyde confrence :::: book now ::
:: go to roscommonarts.com ::
 
Programme 09
clar 09
 
 
 
 
 
clár 2008 ::
     
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Dé hAoine
17.10.08

Abbeyfield Hotel , Bealach an Doirín

18.00 – 20.00 - Clárú

20.00 – 20.30 - Aitheasc Oscailte

20.40 – 21.00 - Oscailt Oifigiúil na Comhdhála
Osclóidh Cathal Mac Coille, Stiúrthóir na Comhdhála an chomhdháil agus cuirfidh sé fis-theachtaireachtaí óna Soilse, Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, Seamus Heaney agus Paul Brady i láthair.

21.00 – 22.00 - Steve Cooney agus Laoise Kelly
Is fearr aithne ar Steve Cooney, ar thug an Irish Times “musical polymath” air, as forbairt a dhéanamh ar thionlacan giotáir a chur leis an gceol traidisiúnta, stíl a ndéantar aithris go forleathan uirthi, agus ar bronnadh gradam National Entertainment air sa bhliain 1997 dá barr. Is as Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo í Laoise Kelly agus tá sí ar dhuine de na cláirseoirí traidisiúnta is mó le rá sa tír. Thaifead sí dhá albam leis an ngrúpa traidisiúnta Bumblebees agus tá sí le fáil ar bhreis is 50 taifeadadh le príomhcheoltóirí na hÉireann, chomh maith lena saothair aonair ‘Just Harp’ a thuil moladh.

22.00 – 23.00 - Fáiltiú

 
 
Dé Sathairn
18.10.08

Abbeyfield Hotel , Bealach an Doirín

10.00 - 10.15 - Caifé

10.15 - 11.15 - An Dara Léacht Dubhghlas de hÍde
'The Politics of Belonging: Language, Place and Society in Post-Boom Ireland'
Tabharfaidh an tOllamh Michael Cronin, Dámh na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath léacht bhliaintiúil De hÍde. Scrúdóidh an léacht na tosca le haghaidh sochaí nua a theacht chun cinn in Éirinn tar éis an bhorrtha eacnamaíochta, a cheanglóidh polataíocht na logántachta le hathnuachan ar an ngleic le buntáistí na hilchineálachta teanga.

11.15 - 12.15 - Léamha - Nuala Ní Dhomhnaill agus Medbh McGuckian
Is ball í Nuala de Aosdána, duine de na filí is mó le rá sa tír. Tá d’éagsúlacht ag baint léi go bhfuil sí ar an mbeagán sin banfhilí a scríobhann i nGaeilge amháin. File agus scoláire aitheanta is ea Medbh McGuckian. Múineann sí an scríbhneoireacht chruthaitheach in Ollscoil na Ríona agus le déanaí bhronn Ollscoil Obair Dhiatháin dochtúireacht oinigh uirthi.

12.15 - 12.30 - Caifé

12.30 - 13.30 - Pléphainéal - Amú san Aistriúchán
Céard a chuireann an t-aistriúchán leis an saothar, nó céard a bhaineann sé de?
Cathaoirleach: An craoltóir agus iriseoir Cathal Mac Coille. Nuala Ní Dhomhnaill, Medbh McGuckian, Gabriel Rosenstock agus Tomás Mac Síomóin. Pléann painéal d'fhilí oirirce an fiúntas agus na dúshláin a bhaineann le haistriúcháin liteartha

13.30 - 14.30 - Lón

14.30 - 15.30 - Pléphainéal – Cén ról gur féidir leis na meáin glacadh i gcur chun cinn agus forbairt na teanga, na litríochta agus an chultúir?
Cathaoirleach: An craoltóir agus iriseoir Cathal Mac Coille. Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4. Mairéad Ní Nuadháin, Eagarthóir Coimisiúnaithe RTÉ agus Pól Ó Muirí, Eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

15.45 - 16.45 - Léamha - Gabriel Rosenstock agus Tomás Mac Síomóin
File agus fear Hiaku é Gabriel, ball d'Aosdána, agus is údar / aistritheoir breis agus 100 leabhar é. D'oibrigh sé san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus san fhoilsitheoireacht. D'éirigh sé as An Gúm chun dul ag scríobh go lánaimseartha. Ag léamh ina theannta beidh an t-úrscéalaí agus file aitheanta Tomás Mac Síomóin. Bronnadh príomhdhuais liteartha an Oireachtais air i 2006.

17.00 - 18.30 - Dinnéar

18.30 - 19.30 - Dráma - A&E
Dráma uair a chlog ina bhfuil dráma, ceol agus damhsa fite fuaite.
Luascann taibhiú Ríonach Ní Néill agus Morgan Cooke ó Milton Friedman go dtí an damhsa dána, ó mhioinéithigh go mórosnaí, easpa codlata agus fonn collaíochta.

19.45 - 21.15 - Ceol le Kila
Tá ceiliúradh á dhéanamh ag Kíla anois agus bliain is fiche caite acu ag mealladh daoine lena gcumasc féin den cheol traidisiúnta. Tá sé ráite gurb ionann agus lomchlár an ghliondair é, freastal ar cheolchoirm dá gcuid.

21.30 - late - Seisiún i Spells Bar

 
 
Dé Domhnaigh
19.10.08

Ceiliúrlann de hÍde, Portahard

10.00 – 10.45 - Seirbhís agus Comóradh ag Uaigh an Dr Dubhghlas de hÍde.

10.45 - 11.45 - Léacht - An Dr Niall Brady
'Exploring the Gael in later medieval Ireland: a consideration of the O'Conor lordship in North Roscommon'

11.45 – 12.30 - Lón

13.00 - 16.00 - Turas Allamuigh go Cruachán Ai, Tuilsce
Scrúdóidh an turas allamuigh seo, a mbeidh an Dr. Niall Brady ina cheann, an láthair mheánaoiseach láimh le hionad Chruachán Ai i dTuilsce i gcomhthéacs limistéar na lonnaíochta meánaoise níos leithne. Tá tochailt déanta ar an suíomh ar bhonn bliantúil ó 2004, agus beidh taispeántas de na déantáin a fuarthas ó shéasúr 2008 le feiceáil san ionad.

16.00 - Bus ag filleadh ar Cheiliúrlann de hÍde agus ar Bhealach an Doirín

 
 

Beidh seastáin taispeántais sa spás in aice an halla éisteachta le linn na deireadh seachtaine, áit a mbeidh deis ag na toscairí labhairt le hionadaithe ó eagraíochtaí náisiúnta a bheidh i bhfeighil na seastán - eagraíochtaí a bhíonn ag feidhmiú sna réimsí seo a leanas: an Ghaeilge, na healaíona, cúrsaí oidhreachta, ailtireacht agus an timpeallacht.

Is féidir breathnú ar liosta iomlán na n-eagraíochtaí rannpháirteacha ar shuíomh gréasáin na comhdhála ar – www.roscommonarts.com/hyde/orgs