:: contact the douglas hyde confrence :::: book now ::
:: go to roscommonarts.com ::
 
Programme 09
clar 09
 
 
 
 
 
 
     
clár 2007 ::
     
Dara Ó Conaola
 
Meg Elis
 
Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill
 
 
 
 
Dé hAoine
26.10.07

Coláiste Naomh Naithí, Bealach an Doirín

18.00 – 20.00 - Clárú

20.00 – 20.30 - Aitheasc Oscailte

20.40 – 21.00 - Oscailt Oifigiúil na Comhdhála
An tAire Airgeadais, Brian Ó Comhain Uasal, T.D.,

21.00 – 22.00 - Gaelic Hit Factory
Is fianaise iad ardríthe na nua-ré gaelaí, an ceoltóir John Spillane agus an file Louis De Paor - an Gaelic Hit Factory - nach bhfuil aon bhunús leis an tuairim nach féidir rock ‘n roll agus Gaeilge a nascadh lena chéile.

22.00 – 23.00 - Fáiltiú

 
 
Dé Sathairn
27.10.07

Coláiste Naomh Naithí, Bealach an Doirín

10.00 - 10.15 - Caifé

10.15 - 11.15 - An Chéad Léacht: "Dubhghlas de hÍde - 'Day-Lates and Dirty Far-Downers'"
Tugann an tOllamh le Béaloideas i gCóláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Séamus Ó Catháin, an chéad léacht bhliantúil ina bhfiosraíonn sé éachtaí éagsúla i saol de hÍde a bhaineann le téama na comhdhála.

11.15 - 12.15 - Léamh - Rex Lee Jim & Meg Elis
Maítear gurb é Rex Lee Jim an file Navajo is tábhachtaí atá ag scríobh sa lá ata inniu ann. Is é an leabhar Dúchas Taa Koo Dine an t-aon fhilíocht Navajo a aistríodh go Gaeilge. Tá ardghradam bainte amach ag an bhfile agus úrscéalaí ón mBreatain Bheag, Meg Elis. Mar aon leis seo is aistritheoir, eagarthóir agus iarbhall de Chomhairle Ealaíon na Breataine Bige í.

12.15 - 12.30 - Caifé

12.30 - 13.30 - Pléphainéal: - Luach na scríbhneoireachta cruthaithí i bhforbairt mionteangacha.
Rex Lee Jim agus Meg Elis. Cathaoirleach: Alan Titley

13.30 - 14.30 - Lón

14.30 - 15.30 - Pléphainéal – Comhfhreagracht chun cultúr a chur chun cinn
Cén fáth a bhfuil baint ag gach réimse den saol poiblí le cur chun cinn Litríocht na Gaeilge. Micheál Ó Congaile, Sinéad Mac Aodha, Seán Kielty. Cathaoirleach: Alan Titley. Is stiúrthóir í Sinéad ar Idirmhalartán Litríochta Éireann agus Iar-Oifigeach Litríochta sa Chomhairle Ealaíon (1995-2003). D’éirigh Sean Kielty as a chuid oibre do Chomhairle Contae Liatroma i 2002, áit a ndearna sé an-obair ar son fhorbairt na Gaeilge agus na nEalaíon.

15.45 - 16.45 - An tamhránaí cáiliúil ó Oileáin Árann, Lasairfhíona Ní Chonaola lena h-athair, Dara Ó Conaola, scríbhneoir agus file
Tagann an bheirt chruthaitheach seo chugainn ó dhá ghlúin de thraidisiún láidir Árann, Lasairfhíona ag cur barr maise ar ealaín an tsean-nóis lena cuid amhránaíochta agus Dara ag saothrú próis agus filíochta den chéad scoth.

17.00 - 18.30 - Dinnéar

18.30 - 19.30 - Léamha - Alan Titley agus Micheál Ó Conghaile
Is Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh é Alan Titley, tá ardghradam agus clú bainte amach aige mar scoláire, colúnaí, úrscéalaí, drámadóir, staraí litríochta. Tá sé ag léamh leis an scríbhneoir agus ball d’Aosdána, Micheál Ó Conghaile, comhbhunaitheoir Chló Iar-Chonnachta.

19.45 - 21.15 - Ceol le Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill
Is eachtraí mothálacha nach ndéanfar dearmad go héasca orthu iad léirithe Mhaighréad agus Thríona; is iad na mothúcháin láidre ina gcuid amhránaíochta is cúis leis an stádas atá acu mar bheirt de na hamhránaithe is mó cáil in Éirinn anois.

21.30 - late - Seisiún i Spells Bar

 
 
Dé Domhnaigh
28.10.08

Ceiliúrlann de hÍde, Portahard

10.00 – 10.45 - Seirbhís agus Comóradh ag Uaigh an Dr Dubhghlas de hÍde.

10.45 - 11.45 - Léacht leis an Dr. Kieran O Conor
Pleánn an Dr Kieran O' Conor seandálaíocht mheánaoiseach bháisín na Sionainne.

11.45 – 12.30 - Lón

13.00 - 16.00 - Turas ar an tSionainn leis an Dr Kieran O Conor
Beidh an turas seo faoi stiúir an Dr Kieran O' Conor. Pléifear seandálaíocht bháisín na habhann agus na luathghréasáin lonnaíochta ar oileáin agus ar bhruach na habhann, é seo ar fad ar bhord ceann de na cúrsóirí is mó atá ar an tSionainn.

16.00 - Bus ag filleadh ar Cheiliúrlann de hÍde agus ar Bhealach an Doirín

 
 

Beidh seastáin taispeántais sa spás in aice an halla éisteach ta le linn na deireadh seachtaine, áit a mbeidh deis ag na toscairí labhairt le hionadaithe ó eagraíochtaí náisiúnta a bheidh i bhfeighil na seastán - eagraíochtaí a bhíonn ag feidhmiú sna réimsí seo a leanas: an Ghaeilge, na healaíona, cúrsaí oidhreachta, ailtireacht agus an timpeallacht.

Is féidir breathnú ar liosta iomlán na n-eagraíochtaí rannpháirteacha ar shuíomh gréasáin na comhdhála ar – www.roscommonarts.com/hyde/orgs