10.00 - 10.15 -
Tae/Caife
10.15 - 11.15 - Sheila O’Donnell & John Tuomey
Pléifidh an hailtirí cumasacha seo mar a bhíonn níos mó i gceist lena gcuid oibre ná dearadh foirgneamh – idirchaidreamh atá ann leis an domhan mórthimpeall orainn: "Fanadh an stair sa stair, agus an todhchaí sa todhchaí, mairimid agus oibrímid i láthair na huaire”.
11.30 - 12.30 -
Léamh filíochta le Luci Tapahonso & Liam O Muirthile
Léifidh an tOllamh Luci Tapahonso, file agus teagascóir, filíocht i dteannta Liam Ó Muirthile, file, drámadóir agus ceann de na scríbhneoirí Gaeilge is iomráití in Éirinn. Múineann an tOllamh Tapahonso Litríocht na nIndiach Meiriceánach in Ollscoil Arizona, Tuscon - baile atá nasctha le Ros Comáin.
12.30 - 13.00 - Pléphainéal: Mionteangacha & An Todhchaí
Le Luci Tapahonso agus Liam O Muirthile. Cathaoirleach - Theo Dorgan.
Cad atá i ndán do mhionteangacha? Pléifidh an painéal ceist na mionteangacha, ag tagairt go háirithe do Navajo agus don Ghaeilge.
Lón
14.30 - 16.00 -
Pléphainéal: “Cá n-iompróidh an abhainn seo muid?”
Le Mícheál O Súilleabháin, Liam O Muirthile, Sheila O’Donnell agus John Tuomey,Cathaoirleach - Theo Dorgan. Pléifidh an painéal cúrsaí sóisialta, cúrsaí cultúrtha agus ceist na timpeallachta mar atá in Éirinn sa lá atá inniu ann, maille leis na dúshláin a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu. Fáilteofar roimh thuairimí ón lucht éisteachta.
16.15 - 17.15 -
Filíocht agus ceol, le Ciaran Carson agus leis an veidhleadóir Deirdre Shannon
Dar le Ben Howard tá Carson “ar dhuine de na filí is cumasaí atá ag scríobh in Éirinn i láthair na huaire”, toisc a ghreann, a aoir agus a imeartas focal. Beidh a bhean chéile ina theannta, an veidhleadóir cáiliúil, Deirdre Shannon.
Dinnéar
19.30 - 20.15 -
Aitheasc ón Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa
Is mór an onóir dúinn é A Soilse, Máire Mhic Giolla Íosa, a bheith linn chun aitheasc a thabhairt ag an gcomhdháil ar an téama “An Iliomad Sruthán, Abhainn Mhór Amháin.”
20.45 - 21.45 - Ceol leis an amhránaí Iarla Ó Lionáird agus leis an bpíobaire Peter Browne.
Faoi thionchar Uí Riada tá Iarla Ó Lionáird ar dhuine de na hamhránaithe Sean-Nóis is iomráití sa ghlúin nua seo, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air dá bharr. Bhí Peter Browne ar dhuine de bhunaitheoirí an Bothy band. Seinneann sé an phíb uilleann agus tá meas ag a chomhcheoltóirí agus ag an lucht éisteachta araon air toisc feabhas a cheoltóireachta.
22.15 – late -
Ceolchoirm na Comhdhála @ Spells Bar
|