:: contact the douglas hyde confrence :::: book now ::
:: go to roscommonarts.com ::
 
Programme 09
clar 09
 
 
 
 
 
:: Beathaisnéisí
Cathal Mac Coille Tomás Mac Siomóin
Micheál Ó Cróinín Nuala Ni Dhomhnaill
Gabriel Rosenstock An Dr. Niall Brady
Mairéad Ní Nuadháin Pádhraic Ó Ciardha
Medbh McGuckia Pól Ó Muirí
Ciotog Kíla

Laoise Kelly

Steve Cooney
     
:: Cathal Mac Coille

Is iriseoir agus craoltóir é Cathal Mac Coille. Is i mBaile Átha Cliath a rugadh é agus is i gColáiste Mhuire agus i gColáiste na h-Ollscoile, Baile Átha Cliath a h-oileadh. Sararbhain sé céim sa stair amach, chaith sé cheithre mhí sona mar eagarthóir ar Comhar. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin mar thaighdeoir in RTE agus mar thuairisceoir le seirbhís Nuachta Gaeilge an stáisiúin. Bhí sé ar fhoireann RTE i mBéal Feirste idir 1978 agus 1984. Tar éis dó seal a chaitheamh mar láithreoir le Morning Ireland, chuaigh sé i mbun oibre leis an Sunday Tribune i 1990 agus ceapadh mar eagarthóir cúnta ar an bpáipéar sin é i 1992. Ceapadh mar chomhfhreagraí polaitiúil TG4 é i 1996. D'fhill sé ar Morning Ireland i 2001 agus tá an clár sin á chur i láthair aige ó shin. Pléann sé cúrsaí polaitíochta ina cholún seachtainiúil sa nuachtán Foinse.

 
::top::
:: Tomás Mac Siomóin

Rugadh Tomás Mac Síomóin i mBaile Átha Cliath i 1938. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil na mBráthar, Sraith an Iarthair, Baile Átha Cliath agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Dochtúireacht aige ó Ollscoil Cornell, Nua Eabhrac. Chaith tréimhsí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Anois. Tá cnuasach gearrscéalta dá chuid foilsithe, trí úrscéal, ceithre chnuasach filíochta agus ceithre leabhrán poileimice is critice maille le haistriúcháin ar úrscéalta is ar fhilíocht ón Spáinnis is ón gCatalóinis. Duaiseanna Oireachtais as gearrscéalaíocht i 1974 agus i 2005. Bhain An Tionscadal , úrscéal dá chuid, príomhdhuais liteartha an Oireachtais i 2006.  C eathrar clainne aige is cúigear garpháistí. Tá cónaí air fao i láthair i Sant Feliu de Guixols, lámh le Girona, sa Chatalóin.

 
::top::
:: Micheál Ó Cróinín

I mBaile Átha Cliath sa bhliain 1960 a rugadh Micheál Ó Cróinín agus i gColáiste na Tríonóide agus sa Choláiste Ollscoile ansin a fuair sé a chuid oideachais. Bhí sé ina chomheagarthóir ar Graph: Irish Cultural Review ó 1986 go 1999 agus ar dhuine de bhunaitheoirí Dháil Uí Chadhain. Ar na saothair atá foilsithe aige tá Translating Ireland: Translation, Languages and Identity (1996), Translation and Globalization (2003), Time Tracks: Scenes from the Irish Everyday (2003), Irish in the New Century/An Ghaeilge san Aois Nua (Baile Átha Cliath, Cois Life, 2005), Translation and Identity (2006), The Barrytown Trilogy (sa tsraith ‘Ireland into Film’, 2007). Bhí sé mar chomheagarthóir ar Tourism in Ireland: A Critical Analysis (1993), Anthologie de nouvelles irlandaises (Québec, L’Instant même, 1997), Reinventing Ireland: Culture, Society and the Global Economy (2002), Irish Tourism: Image, Culture and Identity (2003), The Languages of Ireland (Baile Átha Cliath, Four Courts Press, 2003). Tá Ollúnacht phearsanta aige i nDámh na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus is comhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann é. Tá sé ina chomheagarthóir ar The Irish Review agus ina chomhalta boird d’Éigse Éireann.

 
::top::
:: Nuala Ni Dhomhnaill

I Lancashire sa bhliain 1952 a rugadh Nuala Ní Dhomhnaill, duine de phríomhfhilí ban na hÉireann a bhíonn ag scríobh i nGaeilge. D’fhill an teaghlach ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí sa bhliain 1957, mar ar fhás Nuala aníos. Tar éis di céim a bhaint i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh d’aistrigh sí féin agus a fear céile chun na hÍsiltíre. Tar éis dóibh cúpla bliain a chaitheamh ansin chuaigh Nuala agus a clann chun na Tuirce agus chaith roinnt mhaith blianta ansin. I ndeireadh na dála d’fhill sí ar Éirinn mar a bhfuil sí ag cur fúithi ón mbliain 1980, agus is i mBaile Átha Cliath atá cónaí uirthi lena fear céile agus a gceathrar clainne. I gcaitheamh na mblianta thuill sí gradam agus aitheantas as a saothar a tharraing ar bhéaloideas, ar mhiotas agus ar chultúr na hÉireann. Is liosta le háireamh iad na gradaim idirnáisiúnta a bronnadh uirthi as scríbhneoireacht dá cuid a aistríodh go Fraincis, Gearmáinis, Polainnis, Iodáilis, Sualannais, Eastóinis, Sínis agus Béarla. Ar na saothair atá foilsithe aici tá Cead Aighnis, The Astrakhan Cloak, Pharaoh's Daughter, Selected Poems, agus Spíonáin is Róiseanna. Tá d’éagsúlacht ag baint le Nuala go bhfuil sí ar an mbeagán sin banfhilí a scríobhann i nGaeilge amháin agus tá moladh faighte aici as a cuid iarrachtaí brí nua a chur sa teanga tríd an nuafhilíocht. Is ball d’Aosdána í agus is uirthi a bronnadh Duais Filíochta Uí Sheachnasaigh 1988 agus Gradam an Fhorais Chultúir Ghael-Mheiriceánaigh sa bhliain 1991.

Shocraigh Nuala scríobh i nGaeilge ar an ábhar gur teanga í, dar léi, lena mbaineann áilleacht, tábhacht stairiúil agus claonadh as cuimse gaisneas fileata a bhaint as an ngnáthchaint. Díríonn a cuid scríbhneoireachta féin ar thraidisiúin agus ar oidhreacht shaibhir na hÉireann. Saintéamaí a bhíonn ina cuid filíochta aici is ea an miotas, an béaloideas, bua baineann na mban nó logos, agus dáimh dhomhain leis an gcré. Is caolchúiseach, beagthaibhseach í a cuid filíochta, í saor ó mheafair, ar earraí iad atá cailcithe dar léi agus a chuireann srian ar chruthú na filíochta. Bhíodh miotais chlasaiceacha na Gréige is na Róimhe fúithi agus thairsti agus í ag cur aithne ar an litríocht, agus bíonn siad idir lámha aici go fóill. Sna dánta miotasaíochta aici, cuirtear malairt saoil i láthair a bhfuil leathchos sa saol seo agus leathchos sa saol eile aici. Scríobhann sí mar gheall ar na miotais sin mar gur de dhlúth agus d’inneach i dteanga agus i gcultúr na nGael iad agus nach ceadmhach neamhshuim iontu dá réir.

 
::top::      
:: Gabriel Rosenstock

File agus fear haiku é Gabriel Rosenstock, údar/aistritheoir breis agus 100 leabhar. Ball d'Aosdána. Teagascóir haiku ab ea é sa Schule fuer Dichtung, Vín, i mbliana.

Cuid dá shaothar le feiscint ar shuímh idirlín Poetry Chaikhana agus Poetry International. D'éirigh sé as An Gúm chun dul ag scríobh go lánaimseartha.

 
:: An Dr. Niall Brady

Stiúrthóir Tionscadail, an Tionscadal Lonnaíochta Tuaithe Meánaoise

Tá céimeanna ag an Dr Niall Brady ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (BA 1983, MA 1986) agus ó Ollscoil Cornell (PhD 1996). Bíonn sé i mbun taighde ar an teicneolaíocht talúntais, le béim ar leith ar an saothrú arúil i dtréimhse na meánaoise; agus ar an tseandálaíocht mhuirí. Bhain Niall scoláireachtaí chun staidéar a dhéanamh san Etnologiska Institutionen, Åbo Akademi, san Fhionlainn (1987), agus i Merton College, Oxford (1994), agus chaith sé seal ina Ollamh Cúnta ar Cuairt i Trinity College, Hartford, Connecticut (1996-97), mar ar ceapadh ina léachtóir i Roinn na Staire é. Ó d’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1997, tá dlúthbhaint ag Niall leis an tseandálaíocht san earnáil phríobháideach agus sa bhliain 2000 bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar an Archaeological Diving Company Ltd, an comhlacht comhairleoireachta seandálaíochta faoi uisce is mó le rá in Éirinn. Sa bhliain 2002 chuaigh Niall isteach sa Discovery Programme. Bíonn sé ag léachtóireacht i gcéin is i gcóngar agus bíonn sé rannpháirteach go minic san the International Congress of Medieval Studies i Kalamazoo, Michigan. I measc na dtionscadal lena bhfuil sé bainteach faoi láthair, de bhreis ar fhoilseacháin MRSP de chuid an Discovery Programme, tá On and Under Water: the Archaeology of Irish Lakes and Inland Waterways (mar eagarthóir agus rannpháirtí), atá le foilsiú go luath. Bhí Niall ina chomhalta comhairle den Society for Medieval Archaeology (2005 – 2008) agus de ghrúpa oibre Acadamh Ríoga na hÉireann ar na daonnachtaí agus na heolaíochtaí sóisialta (2005 – 6).

 
:: Mairéad Ní Nuadháin

Eagarthóir Coimisiúnaithe na gClár Teilifíse Gaeilge, Oideachais agus Ilchultúrtha in RTÉ.

I mBealach an Doirín a rugadh, mar a raibh a hathair agus a máthair ina múinteoirí. Chaith sí roinnt bhlianta ina cónaí sa Ghaillimh. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Amharclann Druid agus bhí baint aici freisin le Taibhdhearc na Gaillimhe, Raidió na Gaeltachta agus Compántas Macnas. Agus í fós ina cónaí sa Ghaillimh chaith sí seal ina láithreoir ar chláracha teilifíse Gaeilge éagsúla, arbh é “Cúrsaí” an ceann ba mhó le rá orthu, clár a chraoltaí beo gach oíche sa tseachtain ar RTÉ 2. Ina léiritheoir teilifíse di b’ise a thionscain an tsraith “Léargas”, clár a bhfuil an-tóir ag an bpobal air agus atá fós sa tsiúl.

Ó ceapadh ina hEagarthóir Coimisiúnaithe í, tá réimse éagsúil de shraitheanna coimisiúnaithe aici, leithéid “Families in Trouble,” “21 st century Child,” “No Place like Home,” “Far Away Up Close,” “George Lee in China,” “Science Friction,” chomh maith le “Scannal” agus, le déanaí, sraith ghrinn Des Bishop “In the Name of the Fada”. Déanann sí slám leathan de chláracha a choimisiniú do TG4 gach bliain, a chlúdaíonn cláracha do pháistí, siamsaíocht, stíl bheatha agus cúrsaí reatha.
 
:: Pádhraic Ó Ciardha

Leascheannasaí Teilifís na Gaeilge (TG4). Tá taithí fhada, fhairsing aige ar an gcraoltóireacht agus ar an iriseoireacht chraolta. Is é ionadaí reatha TG4 ar go leor scátheagras, ina measc Cónaidhm Chlos-Amharc na hÉireann (IBEC) agus Féile na Meán Ceilteach

Bhí dhá thréimhse aige roimhe sin mar Chomhairleoir Craolacháin lán-aimseartha ag an mbeirt Airí faoinár cuireadh dlús le bunú TG4, Michael D Higgins (1993-1994) agus Máire Geoghegan-Quinn (1992-1993). Bhí sé ina Eagarthóir, Nuacht RTÉ 1986-1992, (raidió agus teilifís), mar Eagarthóir leis ar an mheitheal a bhunaigh an clár aitheanta Morning Ireland ar RTE Raidió 1. Roimhe sin b’é an chéad Chlár Reachtaire Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath é.

As Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe ó dhúchas dó. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Shailearna in Indreabhán agus i gColáiste Iarlaithe Naofa i dTuaim. Tá céimeanna BA agus MA aige ó Choláiste Phádraig, Má Nuad, áit ar chaith sé dhá bhliain ar an bhfoireann teagaisc i Roinn na NuaGhaeilge. Chaith sé tréimhse dhá bhliain mar Scoláire Taighde i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid ArdLéinn Bhaile Átha Cliath.

Tá sé pósta ar Mhary Hosty, múinteoir iarbhunscoile agus tá beirt mhac orthu, Macdara agus Seán.

 
::top::
:: Medbh McGuckian

File Béal Feirsteach a bhíonn ag triall ar thobar ionspioráide áilleacht an chósta Thuaidh. Preas GALLERY a chuireann a cuid saothair i gcló agus iad ag obair leo go dícheallach ar an gcéad chnuasach uaithi. Meastar a cuid saothair a bheith deacair agus dlúth ach féadann sí éadáil a íoc leis an té a iniúchann í tharla gur leis an ní is deimhne amuigh a bhaineann an fhilíocht, an ní nach n-aimsíonn an deoir. Faoi láthair bíonn cúrsa sa scríbhneoireacht chruthaitheach á mhúineadh aici in Ollscoil na Ríona agus le déanaí bhronn Ollscoil Obair Dhiatháin dochtúireacht oinigh uirthi.

 
:: Pól Ó Muirí

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste sa bhliain 1965. Oileadh é ar Scoil Mhuire na mBráithre Críostaí agus ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Bhain sé BA (Hons) amach sa Léann Ceilteach agus Fealsúnacht na Scol. Tá PhD aige sa Léann Ceilteach fosta. Is Eagarthóir Gaeilge an Irish Times é; scríobhann sé colún spóirt don nuachtán, Foinse, colún seachtainiúil don Belfast Telegraph agus scríobhann píosaí go rialta don iris Idirlín, Beo! Is scríbhneoir cruthaitheach agus file é agus scríobhann sé úrscéalta d’fhoghlaimeoirí fásta fosta.

 
::top::
:: Ciotog

Scríbhneoir, drámadóir, agus ealaíontóir é Darach Ó Scolaí. Bhuaigh úrscéal leis, An Cléireach , Duais an Oireachtais 2007, an duais is mó a bronnadh ar úrscéal Gaeilge riamh. Léiríodh dhá dhráma stáitse leis, Coinneáil Orainn , ar bhuaidh Duais Bhaitéir Uí Mhaicín agus an BBC NI Stewart Parker Award 2006 agus An Braon Aníos . Scannánaíodh dhá ghearrdhráma eile leis, Cosa Nite agus An Leabhar .

Is rinceoir agus córagrafadóir í Ríonach Ní Néill. Bhí sí ina ball den chompántas idirnáisiunta Bremer Tanztheater, agus taréis di rince sí le Rex Levitates, Daghdha Dance Co., Catapult Dance, agus Corp Feasa, bhunaigh sí a compánacht Ciotóg. Tá a coragrafaíocht curtha ar stáitse ar fud na hEireann agus sa Ghearmáin.

Is ceoltóir agus aisteoir é Morgan Cooke. D’oibrigh sé le TG4, Taibhdhearc na Gaillimhe, agus Branar Dramaíochta. Seineann sé ceol leis an bhanna Cuckoo Savante, in éineacht le Mary Coughlan, agus seineann sé piano do Galway Baroque Singers, atá le feiceáil i scannán Bob Quinn, "Notes on a Small Opera".

 
::top::
:: Kíla

Tá ceiliúradh á dhéanamh ag Kíla anois agus bliain is fiche caite acu ag mealladh daoine lena gcumasc féin den cheol traidisiúnta. Tá sé ráite gurb ionann agus lomchlár an ghliondair é, freastal ar cheolchoirm dá gcuid.

 
::top::
:: Laoise Kelly

Is as Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo í Laoise Kelly agus tá sí ar dhuine de na cláirseoirí traidisiúnta is mó le rá sa tír. ‘Laoise has redefined the harp’s potential, moving it a step nearer its reinstatement as a traditional instrument’ a dúirt The Rough Guide to Irish Music. Tá an-chuid gradam cláirseoireachta buaite aici ina measc a lán duaiseanna Uile-Éireann agus comórtas an Belfast Bicentennial Harp Festival, comóradh ar Fhéile Mhór na Cláirsí sa bhliain 1792. Thaifead sí dhá albam leis an ngrúpa traidisiúnta Bumblebees agus tá sí le fáil ar bhreis is 50 taifeadadh le príomhcheoltóirí na hÉireann, chomh maith lena saothair aonair ‘Just Harp’ a thuil moladh.

 
:top::
:: Steve Cooney

Rugadh Steve Cooney san Astráil sa bhliain 1953 agus tháinig sé go hÉirinn i 1980, mar a bhfuil ceangal ag a mhuintir le Tiobraid Árann agus an Cabhán. Cothabhálann sé a cheangal Astráileach le muintir agus cultúr na mBundúchasach, agus glacadh ina bhall go foirmiúil den chine sin é sna Críocha Thuaidh. Is fearr aithne ar Steve Cooney, ar thug an Irish Times “musical polymath” air, as forbairt a dhéanamh ar thionlacan giotáir a chur leis an gceol traidisiúnta, stíl a ndéantar aithris go forleathan uirthi, agus ar bronnadh gradam National Entertainment air sa bhliain 1997 dá barr. Is file agus scríbhneoir amhrán é agus tá amhráin dá chuid taifeadta ag Mary Black i measc daoine eile. Is léachtóir ceoil ar cuairt é ag roinnt institiúid tríú leibhéal. D’fhorbair sé córas nua chun ceol a mhúineadh do leanaí, a bhfuil sé i gceist aige a bheith mar chuid den churaclam ceoil sul i bhfad, agus is é comhordaitheoir forbartha FACÉ (www.face.ie) é freisin, eagraíocht a thacaíonn le ceoltóirí, amhránaithe agus filí a bhunaíonn a gcuid saothar ar an traidisiún.

 
:top::